ログイン  | 新規登録
歌詞投稿コミュニティ「プチリリ」

TOP > 歌詞 > Tine Lasta
Tine Lasta

アーティスト:Kíla 

  • お気に入り登録




So lean ar aghaidh ag fás, ná teip, ná cúlaígh, cuir leis, cuir leat Cúir do lorg ar an saol, leag do lámh air, fág do rian, sáigh fréamh. Faoin tálamh agus sú aníos do tina, do lón, do bhéile, Do bheatha, do bhéile, do bheatha, do bhéile beannaithe, an méid atá ag dul duit, an méid atá uait, don saol atá i ndán duit san am atá le teacht. Abair do phaidir agus cothaigh í, cothaigh í, cothaigh í, cothaigh í, siúl do bhóthar, scríobh do scéal, sín amach do chuid sciathán oscail do bhéal Coinnigh an tine sin lasta, gearr an adhmaid, Bailigh an móin, séid ar na luaithrigh, glan an tinteán, ná lig di dul amach arís, ná much í, ná múch í, coinnigh í beo, coinnigh í ag dó. Oscail cad a dhún, dúisigh ó do shuan, deisigh cad a bhris, agus las cad a mhúch, ná teip, ná tit, ná sleamhnaigh, ná loit, ná cas ró-fhada ó do chásán, ná gortaigh do chuid, is tusa tá freagrach as sláinte do atá choirp ó bhun go's barr, chuille maidin chuille oíche, roghnaíonn tú cruth comhludar do chuid smaointe, litrígh do ainm agus abair é, abair é abair é, abair é, abair é abair mar a chíonn tú é abair é mar a bhraitheann tú fé, déan do rogha rud, déan do rogha rud, ach bí cinnte gur do rogha rud é atá ar bun agat


投稿者: PetitLyrics
プチリリ再生回数:1





日本語English

利用規約プライバシーポリシー許諾情報運営会社お問い合わせヘルプ
© 2024 SyncPower Corporation


Page
Top